An leagan amach a bhí ar an teach a bhí acu sa bhaile agus é ag éirí aníos. Teach dha stór a bhí ann agus bhí trí sheomra leapa ann do cheithre chloigeann déag acu. Bhíodh cúigear acu in leaba go minic. Dhéanadh a mháthair éadach leapa as málaí plúir, róiseadh sí an fual as na málaí agus d’fhuaileadh sí beirt dena malaí plúir le chéile.
An bia a bhí acu: Ba préataí a gheobhadh siad go minic lena mbricfeasta mar go raibh na préataí breá fairsing acu. Bhíódh uisce te agus oinniún agus rud beag bainne (tae bán) acu fosta.
Bhí arán geal acu Dé Sathairn nuair a thagadh an veain. | 00:05:34 | |